Scoil Phobail Mhic Dara

Carna
Co. na Gaillimhe

Eolas do Thuismitheoirí & Scoláirí nua

An Chéad Chéim eile.

Scoil Phobail Mhic dara ag tabhairt cuireadh do thuismitheoirí agus Caomhnóirí clárú don Chéad Bhliain 2022-2023.

Tá Réamheolaire na scoile agus Foirmeacha Iontrála á roinnt faoi láthair le na Scoileanna Náisiúnta.Freisin má theastaíonn cóip uait níl gá ach an foirm thíos a líonadh agus seolfaidh muid na cáipéisí ar fad chugat.

Foirm Iontrála Leagan  Gaeilge 22/2023 : Anseo

Foirm Iontrála Leagan Béarla 22/2023   : Anseo

Aon tuismitheoir atá ag lorg cóip crua , is féidir glaoch a chur nó ríphoist chuig oifig na scoile:

095-32245 nó oifig@spmd.ie

Tá turas fíorúil curtha le chéile ag an chéad bhliain chun na scoláirí agus tuismitheoirí a thabhairt ar cuairt timpeall na scoile.Bhí na scoláírí ar fad páirteach san taifead agus an eagrúcháin don turas seo agus molainn muid go mór an obair atá déanta acu.

Bain Taitneamh!

Turas Fíorúil

"Is é an oideachas an acmhainn is fearr atá ag daoine óga agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar shaol dhúslánach an lae inniu.Cuireann muid oideachas chuimsitheach acadúil ar fáil dar scoláirí".

             Príomhoide Dara Ó Maoilchiaráin

Imeachtaí Seach -Churaclaim 

Ní feidir le daoine óga fás agus forbairt in iomlán trí obair ranga amháin agus dá bhrí sin cuirtear béim ar imeachtaí breise chun tacú agus láídriú an bhfoghlaim.

  • Clár Cuimsitheach don Idirbhliain (Seoltóireacht,Cúrsa cóitseáil agus Réiteoireacht ,Ceannairí don todchaí CLG, Cúrsa ICDL, Teastas Eorpach Gaeilge , Mion-Comhlachtaí agus liosta fada de imeachtaí.
  • Spórt, Ranganna Corpoideachais ,Peil Gaelach,Cispheil,Lúthchleasaíocht(Rith ag am lón), cadhcáil,siúlóidí, liathróid láimhe...
  • Turais thar lear : Barcelona /Spáínn 2019, Lake Garda/An Iodail 2017.Turas Bliaintúil/Malartú le scoil sa nGearmáín
  • Aitheanta mar Scoil Cruthaíoch 2020
  • gaisce an Uachtarán
  • Ceolchoirmeacha, Cór na scoile agus Dramaíocht.Seo blas de roinnt imeachtaí atá againn i Scoil Phobail Mhic Dara agus bíonn muid ag cur leis an liosta seo gach bliain chun fás , forbairt agus foghlaim na scoláírí a chur chun cinn.

An Chéad Bhliain 2020.

Seo nasc chuig suíomh Youtube na scoile má tá deacrachtaí agaibh an físeáin seo a sheinm..Anseo

https://youtu.be/s1ku08XS8Jo